Bhí an mheabhair bainte di. Alltacht uirthi go raibh a leithid de rud ag tarlú in Oileán na Leice. Go háirithe do Shéamas. Ní raibh aon tuairim aici … agus bí cinnte go raibh an scéal ag madraí an bhaile. Ach is ar éigean a chorraíodh sise amach na laethanta seo agus seans nár theastaigh óna cairde tada a rá léi. Is ansin a thug sí faoi deara go raibh Iain ag caint. Agus ní raibh sé ag cur fiacail ann!
‘Agus an bhfuil aon chuid den cheart ag na daoine seo?’ a dúirt sé le Séamas. ‘Céard a tharla i ndáiríre? Céard a tharla do Bhríd an oíche sin?’
‘Cén sórt ceist í sin?’
‘Ceist atá le freagairt. Agatsa. Is tusa an t-aon duine atá in ann an cheist a fhreagairt.’
Thuig Caitríona chomh mór agus a ghoill ceisteanna Iain ar Shéamas. Chonaic sí gur déanadh staic de.
‘A dhiabhail! ’Iain!,’ a dúirt sé ar deireadh. ‘Cheap mé … bhí mé siúráilte glan go bhféadfainn brath ortsa. Bhí mé cinnte go bhféadfainn braith ar mo chairde.’
Bhí Caitríona an-trína chéile anois. An raibh gá d’Iain a bheith mar seo? Is é an trua go raibh sé ann ar chor ar bith. Chuimhnigh sí ar an lá ar chas sí leis istigh san ionad siopadóireacht i nGaillimh. Chuimhnigh sí ar na rudaí a dúirt sé faoi Shéamas an lá sin. Ba cheart go mbeadh sí ag súil leis seo. An raibh aon rud a d’fhéadfadh sí féin a rá anois leis an dochar a bhaint as…. Ach ní thiocfadh na focla as a béal. Bhí sé ar nós go raibh an chaint imithe uaithi!
‘Agus céard atá le rá agatsa, duit féin, a Chaitríona? Ní chloisim gíog ar bith asat,’ a dúirt Séamas ansin.
Dúirt sí an chéad rud a tháinig isteach ina ceann. ‘Chuala tú go bhfuil biseach ag teacht ar Bhríd.’
‘Chuala. Buíochas mór le Dia faoi sin. Caithfidh go bhfuil ríméad oraibh. An bhfuil sí feicthe agat?’
‘Níl fós. Beidh … beidh na gardaí ag iarraidh labhairt léi. Chomh luath agus a cheadóidh na dochtúirí é.’
Bhí rilleadh uirthi, ar nós go raibh smacht caillte aici ar a teanga.
‘Sin é a dúirt mo Dhaid ar ball.’
‘Agus céard eile a bhí le rá ag Peadar Uasal Ó Flatharta?’ a dúirt Séamas.
‘Bhí sé ag caint fútsa … faoi chás cúirte. Agus faoi na “detention centres”.’
Cén fáth a raibh na focla seo ag teacht as a béal? Céard a bhí uirthi? Léim Séamas ina sheasamh. Bhí fibín dearg air.
‘Tá tusa chomh dona leis an gcuid eile acu. Agus mise ag ceapadh … nach mé a bhí leibideach! Drochrath air!’
‘Fan, a Shéamais. Ní raibh mé ach ag rá … ní raibh sé i gceist agam….’
Ach bhí sé ródheireanach. Bhí an dochar déanta. Bhí Séamas bailithe leis amach an doras. Agus ní bhíonn breith ar an gcloch.
Mí i ndiaidh na timpiste, tháinig Caitríona go Baile Átha Cliath ar an traein. Cé go raibh sí ag súil go mór lena col ceathrar a fheiceáil, bhí drogall uirthi ag an am céanna. Bhí an ghráin shíoraí ag Caitríona ar ospidéil. Sular cailleadh Daideo théadh sí isteach ar cuairt chuige san ospidéal lena tuismitheoirí. Chuir boladh an ospidéil fonn múisce uirthi ón gcéad lá. Ghoill sé uirthi freisin an oiread sin daoine tinne a fheiceáil. Agus ansin, mar bharr ar an donas, tar éis a gcuid leigheasanna agus a gcuid obráidí ar fad, fuair Daideo bás ar aon chaoi. Ach ar a laghad ar bith bhí biseach i ndán do Bhríd.
Bhí a haintín Neasa roimpí ag stáisiún Heuston agus thiomáin sí go Beaumont sa gcarr í. Bhí an trácht sa gcathair go dona agus thóg an turas beagnach uair an chloig. Ar an gcéad urlár a bhí an tAonad Dianchúraim. Bhí fógraí crochta ag tabhairt le fios nach bhféadfadh ach cuairteoir amháin san am dul isteach chuig ‘chaon othar agus chaithfidís fanacht go dtiocfadh banaltra len iad a thionlacan.
‘Caithfidh mé a dhul isteach liom féin!’ Bhí Caitríona scáfar. ‘Ach meastú an aithneoidh sí mé? An mbeidh sí in ann labhairt liom?’ a d’fhiafraigh sí dá haintín.
‘Tá an chaint fós imithe uaithi,’ arsa Neasa, ‘ach tá muid cinnte go n-aithníonn sí daoine, agus go dtuigeann sí chuile rud a bhíonn muid a rá. Bí ag caint léi ar nós mar a bhíonn tú i gcónaí, ach fainic an ndéarfá aon cheo a chuirfeadh as di.’
Bhí seomra di féin ag Bríd. Seomra beag a bhí aici gan de throscán ann, taobh amuigh den leaba féin, ach cathaoir agus boirdín. Bhí doras gloine ann sa gcaoi is go bhféadfadh na banaltraí a bhí ar dualgas i láraonad taobh amuigh súil a choinneáil ar an othar an t-am ar fad. Baineadh an anáil de Chaitríona nuair a chonaic sí chomh tanaí, cróilí, craite agus a bhí sí. Ba ar éigean a d’aithin sí a col ceathrar. Ní raibh fanta den ghruaig fhada dhubh a mbíodh sí chomh bródúil aisti ach cúpla ribe gearr. Bhí a héadan tanaí agus drochshnua uirthi. Ach níor lig Caitríona a dhath uirthi féin. Rinne sí meangadh gáire agus phóg sí Bríd ar a leiceann.