Tá sí cinnte i gcónaí go bhfuil a fear céile beo. Ach an dtiocfaidh sé ar ais chuici? Níl sí chomh cinnte agus a bhí faoi sin. B’fhéidir go gcaithfidh sise dul chuigesean. Ach cá bhfuil sé? Sin í an cheist. Ach déanfaidh Veronica Thompson rud ar bith a dhéanamh le freagra a fháil ar an gceist áirithe sin. Rud ar bith. I gcaitheamh na hoíche chuaigh sí siar arís agus arís eile ar an méid a dúirt Maggie Uí Dhónaill. Chuaigh sí siar ar a raibh cloiste roimhe sin aici faoi Mháire Rua an Ghleanna.
Nuair a tháinig Maggie chuig an doras an oíche dar gcionn bhí Veronica ag fanacht léi. Thóg sé os cionn leathuair orthu dul go Gleann Trasna sa trap. Ar an mbealach cheistigh Veronica an bheirt a bhí léi faoi Mháire Rua. Céard a d’úsáid an bhean feasa le teacht ar an bhfios seo a bhí aici? An mbíodh freagra cinnte aici i gcónaí do dhaoine ar nós í féin? Ach má bhí an t-eolas seo ag an lánúin ba chosúil nach raibh aon fhonn orthu é a roinnt le Veronica.
Bhí Máire Rua ina suí ag an tine nuair a chuaigh siad isteach. D’éirigh sí láithreach agus gan beannú beag ná mór do Veronica labhair sí leis an mbeirt eile.
‘Gabhfaidh mé isteach sa seomra beag léi. Coinnígí móin leis an tine.’
Ansin sméid sí ar Veronica í a leanacht. Bhí siad i seomra beag dorcha nach raibh de throscán ann ach stól fada istigh leis an mballa. Dúirt Máire Rua le Veronica suí ar an stól. Ansin chuaigh sí féin anonn go dtí leic na fuinneoige.
‘Inis dom cén t-ainm atá air,’ a dúirt sí le Veronica gan iompú timpeall. ‘Ar d’fhear céile.’
‘James,’ a deir Veronica. ‘James Thompson.’
Tháinig Máire anall chuig Veronica ansin agus thóg sí uaithi an caipín a bhí ina lámh aici. Ansin d’iompaigh sí a droim le Veronica arís agus thosaigh sí ag aithris ortha. Níor thuig Veronica focal dar dhúirt an bhean feasa. Ní Béarla a bhí ann ar chaoi ar bith. Ná Laidin. D’fhéadfadh sé gur Gaeilge a bhí ann. Ní raibh sí cinnte. Cheapfá gur ag paidreoireacht a bhí an bhean feasa agus í ag stánadh ar pé rud a bhí ina bois aici. Ach tar éis tamaill chuala Veronica focail a thuig sí. Chuala sí ainm a fir chéile. Chuala sí cúpla uair é. Ansin bhí ciúnas ann.
D’iompaigh Máire Rua timpeall go mall. Den chéad uair bhreathnaigh sí idir an dá shúil ar Veronica. Labhair sí go séimh léi.
‘Tá brón orm, a bhean uasail,’ ar sise. ‘Tá an-bhrón orm. Ach níl d’fhear céile ar an saol seo níos mó. Tá James Thompson básaithe.’
Léim Veronica ina seasamh. Sula raibh a fhios ag Máire Rua céard a bhí ag tarlú bhí Veronica lena taobh. Ansin bhí lámh amháin aici ar chaipín James agus an láimh eile ar an mbuidéal gloine a bhí ag an mbean feasa.
‘Céard a chonaic tú ann?’ a dúirt sí de bhéic. ‘Inis dom céard a chonaic tú?’
‘Ná breathnaigh isteach sa mbuidéal,’ arsa Máire Rua. ‘Ní féidir leat breathnú isteach sa mbuidéal!’
Ach bhí sé ródheireanach. Bhí an dochar déanta. Tabharfar Veronica Thompson amach as Gleann Trasna i ndorchadas na hoíche. Tabharfar abhaile í go dtí stáisiún an gharda cósta. Ach ní hí an Veronica céanna atá ann níos mó. Tá sí i saol eile anois. Saol nach dtuigeann aon duine eile. Nuair a bheidh sí fágtha léi féin cuirfidh sí uirthi a gúna pósta. Réiteoidh sí a cuid gruaige. Gheobhaidh sí an lampa agus shiúlfaidh sí go dtí an fhuinneog. Suífidh sí ar leic na fuinneoige agus tosóidh sí ag gabháil fhoinn:
Déanfaidh sí an rud céanna chuile oíche beo.
Caibidil 10
Oileán na Leice Mí Iúil 2012
Bhí a máthair ag dul le bánaí nuair a tháinig Caitríona abhaile as Gaillimh an tráthnóna sin. Thosaigh sí ag sciolladh uirthi láithreach.
‘Cén fáth go raibh an fón curtha as agat? Chaith mé an lá ag iarraidh glaoch ort. Níl a fhios agam tuige ar cheannaigh muid an fón póca sin dhuit ar chor ar bith. Agus chosain sé lán ladhair.’
‘Ó! tá brón orm, a Mham,’ arsa Caitríona. ‘Níor chuimhnigh mé é a thabhairt liom. Bhí an oiread fústair orm ar maidin. An bhfuil a fhios agat go ndeachaigh mé i ngar an bád a chailleadh.’
‘Tá sé tógtha ina chloigeann ag d’athair gur in éineacht le Séamas Jim a chaith tú an lá,’ a dúirt a máthair. ‘Ní chreideann sé go ndeachaigh tú Gaillimh beag ná mór. Tá súil agam nach bhfuil an ceart aige.’
‘Níl an ceart aige! Bhí mé i nGaillimh. Breathnaigh!’
Tharraing sí bronntanas Mhamó as a mála. Faoin am seo bhí Caitríona beagnach ag caoineadh.
‘An bhfuil tú ag iarraidh an admháil ón siopa a fheiceáil chomh maith? Tá an dáta air.’ Bhí sí ag béiceach anois.
‘Agus má théann tú siar i mo sheomra,’ a dúirt sí lena máthair, ‘feicfidh tú an fón ann!’