Bhraith Caitríona go raibh sí ag breathnú ar shobaldhráma teilifíse a raibh sí féin sa phríomhpháirt ann. Scuab sé í nach dtéadh aon stop ar a tuismitheoirí anois ach ag sciolladh agus ag feannadh uirthi. Bhí sé ar nós go raibh sí i saol eile ar fad. Saol nár aithin sí. Saol nár thaitin léi. Bhí Caitríona Ní Fhlatharta ina peata ag a hathair ón lá ar rugadh í. Bhí a fhios ag chuile dhuine é sin. Agus bhíodh éad ar a cairde faoi go mbaineadh sí féin agus a máthair an oiread ceart dá chéile i gcónaí. Ach anois….
‘Fainic a mbeadh aon phlé agat leis an Séamas sin,’ a dúirt a hathair léi chomh luath agus a tháinig sé isteach. ‘Drochbhuachaill atá ann. Cladhaire. Agus caithfidh mé a rá nach ón ngaoth ná ón ngrian a thóg sé é ach an oiread. Ach mise i mbannaí go bhfaighidh sé an rud atá ag dul dó. Sin má thagann Bríd chuici féin. Má bhíonn sí in ann a scéal féin a insint. Feicfidh muid ansin.’
‘Má thagann Bríd chuici féin?’
An fhad is a mhairfidh sí beo ní dhéanfaidh Caitríona dearmad ar an lá a bhfuaireadar an dea-scéala. Maidin Domhnaigh a bhí ann. Bhí a máthair thall i dteach Mhamó agus a hathair amuigh ar na creaga ag tabhairt uisce do na beithigh. Ghlaoigh an fón tí.
‘A Chaitríona, an tú atá ann? Fan go gcloise tú! Tá Bríd tagtha amach as na gcóma! Fuair muid scéala ón ospidéal cúpla nóiméad ó shin! Tá muid ar ár mbealach isteach chuici anois.’
Neasa, máthair Bhríd a bhí ar an bhfón agus rilleadh cainte uirthi. Bheadh a fhios agat go raibh a croí i mbarr a cluaise.
‘Inis dóibh ar fad, a Chaitríona,’ a dúirt sí. ‘Rith anonn ag Mamó láithreach. Maith an bhean. Abair léi go mbeidh mé féin ag glaoch uirthi níos deireanaí, nuair a bheas Bríd feicthe agam.’
Bhí Caitríona i bhflaithis Dé an chuid eile den lá. Bhraith sí go raibh an scamall dubh a bhí le deireanas os a cionn imithe leis ar deireadh thiar thall. Ba ghearr go mbeadh an saol arís mar a bhíodh! Ach mo léan, níor sheas sé seo i bhfad. Ag am suipéir thuig sí nach raibh sí ach ag cur dallamullóg uirthi féin. Ag brionglóidí a bhí sí.
‘Beidh cás cúirte ann anois siúráilte,’ a deir a hathair.
‘Agus cuirfidh mé geall leat gur i gceann de na “detention centres” a chríochnóidh Séamas Jim.’
Thit an lug ar an lag ar Caitríona. D’imigh sí ón mbord gan a suipéar a chríochnú. Cén fáth a raibh a hathair ag caint faoi chás cúirte agus faoi na ‘detention centres’? Cén fáth a raibh sé chomh cinnte de féin? An raibh eolas ag na daoine fásta nach raibh aicise! An raibh cruthú éigin faighte ag na gardaí gur ionsaigh Séamas Bríd?
Chuir Caitríona glaoch ar Iain.
‘Fuair mé do théacs faoi Bhríd,’ a dúirt sé láithreach. ‘Nach bhfuil sé thar cionn? An scéala is fearr a chuala mé le fada an lá!’
‘An bhfuil tú in Oileán an Leice?’
‘Tá. D’fhéadfadh muid castáil le chéile más maith leat. An mbuailfidh mé anonn ag an teach chugat?’
Mhínigh Caitríona d’Iain gur theastaigh uaithi castáil le Séamas ach ag an am céanna nach raibh sí ag iarraidh dul i gcoinne a tuismitheoirí. Bhí cúrsaí dona go leor mar a bhí, a dúirt sí.
‘Ach má chasann tú leis i mo theachsa,’ a deir Iain, ‘ní bheidh a fhios acu faoi. Agus má fhaigheann siad amach féin féadfadh tú a rá gur tháinig Séamas le mise a fheiceáil agus gur tharla sé go raibh tusa sa teach ag an am.’
Chonaic Caitríona agus í ag déanamh ar an teach go raibh tine mhóna lasta ag Iain faoina gcomhair. Teach dhá stóir a bhí ag muintir Mhic Giolla Easpaig a raibh droch-chóir air nuair a cheannaigh siad é dhá bhliain roimhe sin. Ach bhí an-obair déanta acu ar an teach ó shin. Bhí fuinneoga nua air, painéil ghréine ar an díon agus póirse deas cloiche amuigh chun tosaigh. Bhí Séamas istigh roimpi.
‘Ní fhéadfaidh mise fanacht i bhfad,’ a dúirt sí agus í ag dúnadh an dorais. ‘Maróidh siad ag baile mé má fhaigheann siad amach.’
‘Go raibh tú i gcomhluadar an diabhail,’ a deir Séamas.
‘Ní hin é a bhí i gceist agam.’
Ní raibh sé seo ag oibriú amach rómhaith ó thaobh Chaitríona de. Seo é an chéad chaidreamh a bhí idir í féin agus Séamas ó gortaíodh Bríd. Nuair nár fhreagair sí a chuid teachtaireachtaí na chéad laethanta úd stop sé ag glaoch ar fad. Thug sí faoi deara anois go raibh a chuid súile dearg agus go raibh bearradh gruaige go géar uaidh.
‘Ná ceap,’ a dúirt Séamas ‘nach bhfuil a fhios agam céard atá daoine ag rá fúm. Nach bhfuil siad á rá suas le mo bhéal. Ní féidir liom a dhul taobh amuigh den doras!’
Ní fhéadfadh sé a dhul amach as an teach a dúirt sé gan duine eicínt a bheith ag caitheamh aige. Ag glaoch ainmneacha air. Ag bagairt air. ‘A chodamáin! Ag ionsaí cailín óg soineanta!’
Mura bhfaigheadh an dlí é gheobhadh siadsan é a deiridís leis. Agus anuas air sin bhíodh daoine ag caitheamh clocha leis an doras i lár na hoíche.
‘B’éigin do Mham an fógra Lóistín a bhaint anuas. Ní fhéadfaidh muid fanacht sa teach má leanann sé seo ar aghaidh. Ná fanacht san oileán fiú!’
‘Tá sé sin uafásach,’ a dúirt Caitríona.