‘Bhuel?’ dúirt Iain. ‘An bhfuil tú ag dul ag inseacht dúinn? Ach, ar ndóigh, b’fhéidir gur rún é.’
‘Tá sé agam!’ a deir Bríd. ‘In éineacht le duine de na Gaeilgeoirí a bhí tú. Duine de chailíní an Choláiste! Chuirfinn geall ar bith.’
Bhí cúrsa Gaeilge Mhí Iúil faoi lánseol anois san Ionad Pobail. Buachaillí agus cailíní as chuile cheard d’Éirinn tagtha go dtí an t-oileán seo amuigh sa gcuan le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Agus d’fhéadfá a rá go mbíonn fáilte rompu ó tharla gur ar an turasóireacht a bhíonn muintir an oileáin ag brath le slí mhaireachtála a bhaint amach. Ach ní hiad na daoine fásta amháin a mbíonn fáilte acu roimh na ‘Gaeilgeoirí’ mar a thugann siad orthu.
‘A dhiabhail,’ a dúirt Iain go héadmhar agus é ag tarraingt leadóg spraíúil ar Shéamas. ‘Cén chaoi go bhfuil an oiread tóir ag na cailíní ortsa?’
‘Seans go mbíonn sé ag bualadh ar na fuinneoga acu san oíche,’ a dúirt Bríd, ‘ag glaoch amach orthu. Sin é a dhéanann na lads ar fad. Tá Gaeilgeoirí ag comharsan Mhamó, Máire Thomáis. Dúirt sí nach féidir léi néal a chodladh de bharr lads a bheith ag teacht thart san oíche. Tá sí ag caint ar Alsatian a fháil.’
‘Alsatian!’ a deir Iain. ‘Ar airigh tú é sin a Shéamais? Cébí céard a dhéanfas tú, fainic na hAlsatians!’
Bhí Iain agus Bríd síothlaithe ag gáire anois, ach ní raibh focal as Caitríona agus í ag éisteacht leis an gcuid eile ag baint as Shéamas. Bhí sí trína chéile. An bhféadfadh sé go raibh Séamas ag dul in éineacht le duine de na Gaeilgeoirí? Priocaide eicínt anuas as Baile Átha Cliath le ‘chaon ‘Ó mo Dhia!’ aici. Agus dath ar a craiceann nach bhfuair sí ón ngrian. Ach céard faoin téacs a fuair sí féin ar ais ó Shéamas:
Ar bhain sí an bhrí chontráilte as an teachtaireacht a tháinig uaidh? Cén bhrí ach an ríméad a bhí uirthi ag an am!
‘Bhfuil tú alright, a Chaitríona?’ a d’fhiafraigh Séamas di. ‘Tá tú an-chiúin anocht.’
Lig sí uirthi féin nár chuala sí é.
‘Cén diabhal atá orainn? Seasta anseo ag caint faoi Alsatians!’ a dúirt sí. ‘Mura bhfuil muid ag dul isteach sa Station rachaidh mise síos chuig an mbarbaiciú. Beidh na lads strainséartha uileag ann.’
‘Meastú an mbeidh mo dhuine leis na tattoos ann?’ a d’fhiafraigh Bríd di. ‘É siúd a bhí ag caint leat sa siopa tráthnóna.’
‘Tá mé cinnte go mbeidh.’
‘Ná himigh anois, a Chaitríona,’ a deir Iain. ‘Ó d’fhan tú go dtí seo.’
‘Goiligí uaibh mar sin.’
Chuir Séamas ann an tóirse. Tóirse breá a bhí ann, a raibh solas an-gheal go deo ag teacht as. Dúirt Bríd nach raibh a leithid de thóirse feicthe aici riamh cheana.
‘Is le m’uncail é,’ a dúirt Séamas. ‘Tá sé thar barr. Ní bhfaighidh tú ceann mar é sna siopaí, ach tá siad le fáil ar an idirlíon.’
Chuadar thar an teachín a mbíodh báidín na ngardaí cósta coinnithe ann tráth. Dhreapadar thar an sconsa gan breathnú siar ná aniar acu ar an bhfógra fainice a bhí crochta lena thaobh.
‘Dá gcloisfeadh sibh na scéalta atá ag dul thart faoin Station agus faoin láthair seandálaíochta,’ a deir Séamas. ‘Na scéalta is áiféisí dár airigh tú riamh.’
Ba ghearr go rabhadar ina seasamh sa bpaiste féarach amach ar aghaidh an stáisiúin.
‘Anois nach raibh sé sin éasca!’ arsa Iain agus é breá sásta leis féin.
Ach mo léan, níor sheas an tsástacht sin i bhfad. Thaispeáin an solas go raibh sconsa eile cúpla slat uathu. Bhí fógra a dúirt TOCHAILT SEANDÁLAÍOCHTA! crochta ar an sconsa seo. Thit an lug ar an lag orthu. Ní hé amháin go raibh an sconsa ard ach bhí taobh amháin de buailte suas leis an stáisiún féin. Ní raibh bearna ar bith idir é agus seanbhallaí cloiche an fhoirgnimh. Sheas an ceathrar ag breathnú suas ar an sconsa miotail.
‘Ní bheidh muid in ann a dhul isteach ar an suíomh. Thíos ar an taobh eile tá an sconsa ag dul thar bhruach na haille,’ a dúirt Caitríona agus an díomá soiléir ina glór.
‘Dá mbeadh rud eicínt againn a ghearrfadh é,’ a dúirt Séamas.
‘Ach níl,’ a deir Iain.
Bhíodar fós ina seasamh ansin nuair thosaigh an bháisteach. Níorbh fhada go raibh sé ina dhíle.
‘Rithigí,’ arsa Iain. ‘Beidh scáth againn istigh sa stáisiún.’
‘Foscadh,’ a deir Caitríona.
Scairt Séamas an tóirse leis an mbealach a thaispeáint do na cailíní. Ansin thug sé lámh chúnta do Bhríd le dul tríd an bhfuinneog a bhí thart ar cheithre throigh ó thalamh.
‘Tá mé féin in ann,’ a dúirt Caitríona nuair a shín sé a lámh chuicise. Bhreathnaigh Séamas go grinn uirthi ach níor dhúirt sé tada. Chonaic siad go raibh an-lear sean-mhangarae caite thart taobh istigh. Bruscar de chuile chineál. Seanphíosaí adhmaid. Leaca ón díon. Éanacha básaithe. Cannaí beorach agus go leor buidéal briste.
‘Bhuel, bhí cóisir nó dhó ann ar aon chaoi,’ a deir Iain.
‘Cé a thiocfadh anseo le haghaidh cóisire? Tá an áit uafásach,’ a dúirt Caitríona. ‘Gan trácht ar an mboladh bréan atá ann. Iuch.’