Chuir Bríd strainc uirthi féin agus í ag breathnú síos.

‘Ach tá an t-urlár lofa salach. Millfidh mé mo ghúna.’

‘Mise chomh maith,’ a dúirt Caitríona. ‘Agus gan é ach ceannaithe agam.’

B’fhearr le Caitríona ná tada dul abhaile. Ach mo léan! B’fhacthas di nach mórán fonn baile a bhí ar an triúr eile. Bhain Séamas a sheaicéad de.

‘Seo,’ a dúirt sé le Bríd. ‘Féadfaidh tú suí air seo.’

Agus leag sé an seaicéad ar an urlár díreach lena thaobh. Shuigh Bríd síos.

‘Nach iontach anois,’ arsa Caitríona ina hintinn féin, ‘nach domsa a thug sé a sheaicéad!’

Ach dar ndóigh ní dhéarfadh sí é seo amach. Ní dhéarfadh sí é ar ór ná ar airgead.

‘Dá bhfeicfeadh Mamó anois thú,’ a dúirt sí le Bríd. ‘Ní mó ná sásta a bheadh sí.’

‘Nach bhfuil a fhios agam go maith! Thabharfadh sí leathmharú orm.’

Chomh luath agus dhún an scoil le haghaidh saoire an tsamhraidh, tháinig Bríd Ní Neachtain anuas as Baile Átha Cliath.

‘Déanfaidh sé leas duit,’ a dúirt a tuismitheoirí léi ‘an samhradh a chaitheamh le do sheanmháthair agus do chol ceathracha in áit atá chomh folláin agus chomh sábháilte le hOileán na Leice.’

Bhí Mamó, nó Caitlín Liaimín mar ab fhearr aithne uirthi, sásta an comhluadar a bheith aici. Ní hin le rá nach raibh sí géar ar Bhríd. Leag sí síos liosta fada de rialacha di an chéad lá! Agus d’fhág sí an riail ba mheasa go dtí ar deireadh.

‘Caithfidh tú a bheith istigh ag leathuair tar éis a deich chuile oíche, a Bhríd. An gcloiseann tú anois mé? Is cuma sa mí-ádh céard a dhéanfas an chuid eile acu. Feictear dhomsa go bhfuil i bhfad an iomarca cead a gcinn ag an dream óg thart anseo. Tá sin.’

Bhí Séamas ag scairteadh an tsolais anonn ar an bhfuinneog anois.

‘’Bhfuil a fhios agaibh céard é féin,’ a dúirt sé go tobann. ‘Ach dá ngabhfadh muid amach tríd an bhfuinneog sin thall, bheadh muid ar an taobh eile den sconsa ard úd. Nach mbeadh?’

‘Cén fáth nar chuimhnigh mise air sin!’ arsa Iain. ‘Tabhair dom an solas go bhfeice mé.’

Ach ní mó ná sásta a bhí Bríd leis seo.

‘Tá an solas sin an-láidir, a Iain. Má thugann daoine faoi deara é beidh muid i dtrioblóid. Bhuel, beidh mise i dtrioblóid, cébí céard fúibhse.’

Chuir sí i gcuimhne d’Iain gur in oileán beag nach raibh ann ach fiche mhíle cearnach a bhí sé. Áit a raibh aithne ag chuile dhuine ar a chéile agus nach gcorródh cuileog i ngan fhios dóibh. Ní raibh sa bpríomhbhaile, áit a rabhadar anois ach an dá scoil, an séipéal, an t-ollmhargadh, oifigí an Choiste Forbartha, an tIonad Pobail, agus an t-óstán. Agus caifé Cois Trá nach n-osclaíodh ach sa samhradh.

Bhuail cantal Caitríona agus í ag éisteacht le Bríd. Cén fáth a gcaithfeadh a col ceathar a bheith i gcónaí ag tarraingt aird uirthi féin? Agus breathnaigh uirthi anois, suite ansin ar a sáimhín só le Séamas!

‘Dá mbeinn chomh scanraithe is atá tusa, a Bhríd,’ a dúirt sí léi, ‘d’fhanfainn ag baile san oíche. Ach má bheirtear féin orainn tá a fhios agat go breá gur ormsa a chuirfidh siad an milleán.’

‘Cén fáth a gcuirfidís an milleán ortsa?’

‘Beidh siad a rá gurb amhlaidh a tharraing mise amach thú. Ceapann siad uileag gur aingilín thusa ach go bhfuil mise chomh fiáin le pocaide gabhair.’

‘Seafóid.’

‘Nach bhfuil mé a rá leat.’

Níor thaitin sé le Iain an bheirt chailín a bheith ag sáraíocht.

‘Chomh fiáin le pocaide gabhair,’ a dúirt sé. ‘Nach deas an leagan cainte é sin. Pocaide gabhair! Pocaide gabhair.’

Thosaigh sé ag déanamh amhrán as le súil is go n-éireodh na cailíní as an gcocaireacht. Agus, d’oibrigh a phlean. Taobh istigh de nóiméad bhí siad ar fad maraithe ag gáire faoi.

‘Tú féin is do phocaide gabhair!’ a dúirt Caitríona. ‘Nach bhféadfá amhrán ceart a chasadh?’

‘Faraor, níl aon sean-nós agam. Ach céard faoin bPoc ar Buile?’

‘Ná bígí ag tabhairt aon ugach dhó,’ arsa Séamas. ‘Tá glór ar nós préacháin aige sin.’

‘Más in é a bhfuil de mheas orm ní bhacfaidh mé,’ a dúirt Iain agus anonn leis chomh fada leis an bhfuinneog.

Lean Caitríona Iain. Nuair a scairt sé an solas amach chonaic siad go raibh an ceart ag Séamas! Bhí an báire leo! Cé go raibh cuid mhaith driseacha agus neantóg taobh amuigh, ní raibh claí ná sconsa idir an foirgneamh agus an áit a raibh na seandálaithe ag cartadh!

‘A Mhac go deo! Ní gá dúinn a dhul ag dreapadh ar chor ar bith,’ a dúirt Caitríona. ‘Siúlaigí uaibh!’

B’fhada léi go mbeadh sí imithe as an bhfoirgneamh. Sméid sí ar an mbeirt a bhí fós ina suí. Ach ba léir nach raibh fonn ar cheachtar acusan corraí.

‘Ach beidh muid báite, a Chaitríona má théann muid amach sa díle seo!’ a dúirt Bríd.

‘Fanfaidh muid go ndéanfaidh sé aiteall,’ a deir Séamas.

‘Dheara, ní leáfar muid. Gabh i leith uaibh.’

Chuir sé iontas ar Chaitríona nach raibh an dream eile chomh faiteach agus a bhí sí féin, fiú Bríd nach raibh ag iarraidh dul isteach sa stáisiún beag ná mór. An raibh baint aige seo le Séamas? An raibh rud eicínt ag dul ar aghaidh eatarthu? Bhí Iain tagtha anall ón bhfuinneog anois agus é ag póirseáil timpeall an tseomra. Ag scairteadh an tsolais isteach sna cúinní agus suas an simléar. Theastaigh ó Shéamas a fháil amach céard a bhí sé a dhéanamh.

Перейти на страницу:

Поиск

Книга жанров

Похожие книги