‘Spáráil an tóirse,’ a dúirt sé. ‘Níl aon leictreachas anseo againn má ritheann….’
‘Ach cheap mé gur airigh mé daoine ag caint.’
‘Dheara stop! Níl aon duine anseo ach muid féin.’
‘Níl a fhios agam faoi sin.’ Choinnigh sé air ag luainneáil thart.
Chuaigh Caitríona anonn anois go dtí an áit a raibh Séamas agus Bríd ina suí. Sheas sí cúpla soicind gan tada a rá ach í ag breathnú síos ar an mbeirt. An bhféadfadh sé gur ar Bhríd a bhí súil ag Séamas? Ab amhlaidh go raibh sé ag baint úsáide aisti féin? Bhí a fhios aige go mbíodh Bríd ag coinneáil an chois aici. Murach an diabhal de Chúrsa Eachtraíochta sin is iad Ruth agus Siobhán a bheadh sa gcomhluadar anocht. Ní bheadh tada ráite aici le Bríd faoin socrú a bhí acu. Thabharfadh Caitríona a dhá súil ar a bheith in ann labhairt le Ruth agus Siobhán. D’airigh sí uaithi iad. Ach aon uair ar ghlaoigh ní raibh caint acu ar thada ach ar kayaks agus ar dhreapadóireacht ballaí. Bhraith Caitríona duairceas nár bhraith sí riamh ina saol cheana. Ab é an áit a bhí ag cur gruaim uirthi? Nó briseadh croí?
‘An bhfuil a fhios agat céard a dhéanfas tú,’ a dúirt sí le Séamas ar nós nach raibh mairg uirthi. ‘Inis scéal dúinn. Ceann de na scéalta sin a d’airigh tú anocht.’
‘Dheara, níl a fhios agam. Ní bheadh a fhios agam cá dtosóinn.’
‘Inis dúinn faoin uaigh,’ a dúirt Iain. ‘Agus an corp gan cloigeann.’
‘Ú! Ú!’ a dúirt Bríd. ‘Is aoibhinn liomsa scéalta mar sin. Cuir as an tóirse! Ansin beidh muid ar nós an dream sa Blair Witch Project!’
‘Maith an fear, a Shéamais,’ arsa Iain. ‘Chuala mé gur an-seanchaí thú.’
‘Ó, tá sé iontach ag cumadh,’ a deir Caitríona, agus searbhas ina glór. ‘Thar cionn ar fad.’
Sciorr na focla as a béal i ngan fhios di. Chomh luath agus a bhí siad ráite aici bhí aiféala uirthi. Ach mar a deireadh a hathair léi go minic ‘Ní bhíonn breith ar an gcloch ó chaitear í.’ Chuaigh sí anonn go dtí an taobh eile den seomra, san áit a raibh Iain suite.
Ghéill Séamas ar deireadh. D’inis sé dóibh ar dtús go raibh duine de na comharsain, Máirtín Phaidí, fostaithe le cúnamh a thabhairt do na seandálaithe. D’fhiafraigh sé de Mháirtín an tráthnóna sin ar fritheadh corp ar an suíomh. D’fhiafraigh sé de freisin an raibh taibhse feicthe sa stáisiún.
‘Níl a fhios agam aon cheo faoi thaibhsí,’ a dúirt Máirtín le Séamas Jim, ‘ach tá cnámha faighte ceart go leor. Nó go ndéanfar scrúdú orthu ní bheidh a fhios cé chomh sean agus atá siad.’
Ach ansin dúirt Máirtín Phaidí rud ar chuir Séamas an-spéis ann. Dúirt sé gurbh é an Station an áit dheireanach a dteastódh uaidh féin a bheith ag obair ann.
‘B’fhearr do dhuine mura mbeadh plé ar bith aige leis an Station céanna. Ná leis an móta taobh amuigh,’ a dúirt sé.
‘Duine eile a chreideann i dtaibhsí,’ a deir Iain.
‘Tá caint ann freisin,’ a dúirt Séamas, ar nós nár cuireadh isteach air, ‘faoi stolladh gaoithe a tháinig gan aon choinne chomh luath agus a thosaigh siad ag tochailt sa móta. “Cuaifeach” a thug fir na háite air. Nuair a cheistigh mé Máirtín faoi seo níor dhúirt sé hum ná ham. Cheapfá go raibh sé bodhar. Agus chloisfeadh an fear céanna an féar ag fás.’
Bhí ciúnas ann ar feadh scaithimh. Iad ar fad ag iarraidh brí eicínt a bhaint as a raibh cloiste acu.
‘Is dóigh go bhfuil rud eicínt ag baint leis an áit a bhfuil siad ag cartadh ann,’ a deir Bríd ansin.
‘Meastú an bhfuil mallacht ar an áit?’ arsa Caitríona.
Lig Iain racht gháire as.
‘Mallacht?’ ar seisean. ‘Ní chreideann aon duine i mallachtaí níos mó. Baineann siad le saol atá imithe. Nó leis na scannáin uafáis.’
Theastaigh ó Chaitríona an scéal a athrú anois. Bhí an chaint seo ar fad faoi thaibhsí agus faoi choirp ag cur as di.
‘Meastú an bhfaighinnse páirt i gceann de na scannáin sin, a Iain?’ ar sise.
Ansin lig sí scréach aisti a bhuafadh Oscar do réalta scannáin ar bith i Hollywood.
‘Ar airigh sibhse riamh faoin ngarda cósta a d’imigh agus nach bhfaca aon duine riamh ina dhiaidh sin?’ a d’fhiafraigh Bríd den triúr eile nuair a shocraíodar síos arís.
‘Nach maith go raibh a fhios agatsa faoi sin!’ a dúirt Séamas, ‘Tar éis nach mbíonn tú anseo ach píosa den samhradh!’
‘Nach bhfuil mé ag éisteacht le scéalta Mhamó ó bhí mé beag bídeach.’
‘D’airigh mise,’ a dúirt Séamas, ‘go raibh sé ag déanamh garraí taobh amuigh den Station. Chonaic go leor daoine é ag cartadh ann. Ach ansin lá arna mhárach bhí sé imithe gan tásc gan tuairisc!’
‘Meastú céard a tharla dó?’ a deir Caitríona.
‘Cuirfidh mé geall leat gur mharaigh duine eicínt é,’ a deir Iain. ‘Tá a fhios agaibh an ghráin a bhí ag muintir na hÉireann ar na Sasanaigh.’
‘Má tá an ceart agat,’ a deir Séamas, ‘d’fhéadfadh go bhfuil a chorp fós taobh amuigh ansin.’
Bhreathnaíodar ar fad anonn ar an bhfuinneog.
‘Ach b’fhéidir gurb iad a chuid cnámha atá faighte anois ag na seandálaithe,’ arsa Caitríona.
‘Éist! Ar airigh sibh é sin?’ a dúirt Iain.
‘Ná habair go bhfuil duine eicínt ag teacht,’ a dúirt Brid.
‘Fuist.’
D’éisteadar. Go grinn.