Nuair a bhí a chuid ráite ag Iain ní raibh focal as aon duine ach iad ag cuimhneamh orthu féin. Ansin, labhair Bríd.
‘Bhuel, chomh fada is a bhaineann sé liomsa ní aon “mass hysteria” a bhí ann,’ a dúirt sise. ‘D’airigh mé duine ag siúl thuas os ár gcionn. Tá mé cinnte de. Agus ón áit a raibh mé suite bhí an leaba le feiceáil go soiléir. Agus bhí sí ag éirí san aer. Mhionnóinn sa gcúirt é. Nach bhfaca tusa é chomh maith a Shéamais?’
‘Chonaic,’ a deir Séamas agus shuigh sé síos arís.
Níor aontaigh Iain lena chairde beag ná mór. Thosaigh sé ag cur de. ‘An bhfuil sibh ag rá liom go gcreideann sibh i dtaibhsí?’
Bhraith Caitríona go raibh sé thar am aici a ladar a chuir isteach.
‘Ní raibh mise siúráilte riamh an raibh a leithid de rud ann le taibhse,’ a dúirt sí. ‘Ach tar éis an méid a tharla aréir caithfidh mé a rá go gcreidim iontu. Tá a fhios againn ar fad nach bhféadfadh duine siúl thuas staighre gan a mhuineál a bhriseadh. Agus chonaic mé an leaba ag ardú den urlár. Ach taobh amuigh de sin uileag, fiú sular tharla tada, bhí an áit ag cur rud orm. Bhraith mé i gcaitheamh an achair go raibh duine eicínt ag faire orainn.’
‘Céard sa mí-ádh atá oraibh?’ a deir Iain agus é ag breathnú ó dhuine go duine orthu. Ba léir go raibh déistin ceart air. ‘Ní chreidim é seo. An bhfuil sibh uileag craiceáilte! As bhur meabhair?’
Níor thug an chuid eile aon aird air. Dúirt Bríd gur chreid sí féin go raibh baint ag bean an gharda cósta leis an rud uileag.
‘Nach iontach tráthúil,’ ar sise, ‘gur thosaigh an leaba ag corraí díreach agus muid ag caint fúithi. Cheapfainnse gurb í a bhí ann. Dála an scéal d’fhiafraigh mé de Mhamó ar maidin faoin ngarda cósta agus a bhean. Dúirt sí gur Thompson an sloinne a bhí orthu. Agus go raibh an bhean go hálainn. Ba chuimhin lena máthair í. Bhíodh sí chomh gléasta i gcónaí, a dúirt sí. Ar nós banríona. Ach sin é an méid a fuair mé uaithi. Ach tá mise ag ceapadh go raibh Bean Thompson ag iarraidh teachtaireacht a thabhairt dúinn. Ag iarraidh orainn rud eicínt a dhéanamh di, b’fhéidir.’
‘Nó ag iarraidh muid a dhíbirt?’ a deir Caitríona. ‘Ní bheadh a fhios agat. B’fhéidir nár thaitin léi muid a bheith ann.’
Bhí Iain ag breathnú ar na cailíní ar nós go raibh dhá chloigeann an duine orthu. ‘Níor chuala mé a leithid de sheafóid riamh i mo shaol!’a dúirt sé.
‘Bhuel tabhair tusa míniú eicínt eile air mar sin,’ a dúirt Caitríona.
‘Agus ná bac le do “mass hysteria” an babhta seo.’
‘Caithfidh sé go bhfuil freagra simplí ciallmhar ar an rud ar fad,’ a dúirt Iain.
‘Ar nós?’ arsa Bríd.
‘Ar nós go raibh duine eicínt ag diabhlaíocht orainn. B’fhéidir, cuid de na lads. An dream a chuir an geall liom. Ag pointe amháin bhí mé cinnte glan gur airigh mé daoine ag caint. Ach, arís ar ais, b’fhéidir gur duine agaibhse a bhí ag pleidhcíocht. Bhí muid suite sa dorchadas ag an am agus d’fhéadfadh duine ar bith agaibh….’
‘Tá súil agam nach chugamsa atá tú ag caitheamh!’ a dúirt Caitríona, agus í ag éirí beagán teasaí.
‘Tóg go réidh anois é. Níor chuir mé ainm ar aon duine. Níl mé ach ag iarraidh freagra. Freagra a bhfuil réasún eicínt leis.’
‘Bhuel, má tá tú ag ceapadh gur mise a bhí….’ D’éirigh Caitríona ina seasamh. ‘Má tá tú ag ceapadh,’ a dúirt sí, ‘gur mise a bhí….’
‘Breathnaigí anois,’ a dúirt Séamas go deas réidh. ‘Cén mhaith dúinn a bheith ag achrann? B’fhéidir go bhfuil an ceart ag Iain agus go raibh daoine seachas muid féin ann. Ní bheadh aon mhuinín agam as na lads sin a chuir an geall leat, a Iain. Nó, arís ar ais, d’fhéadfadh go raibh duine eicínt eile ar fad ag éisteacht libhse nuair a bhí sibh taobh amuigh den gheata níos túisce san oíche. Tá a fhios againn ar fad go bhfuil cluasa ag na claíocha thart anseo.’ Thosaigh an fón ag glaoch ina phóca. ‘M’uncail, is dóigh. Beidh sé ag déanamh iontais cá bhfuil mé.’
Sular imigh Séamas uathu bhí sé socraithe go rachadh an ceathrar acu suas go dtí an stáisiún uair amháin eile. Chasfaidís le chéile taobh amuigh den stáisiún ag a haon déag an oíche chéanna.
Caibidil 4
Oileán na Leice, Co. na Gaillimhe Mí Iúil 1910
Bhí imní ag teacht ar Veronica. Bhraith sí an tocht ina scornach. An bhféadfadh sé go raibh an ceart ag a deirfiúr?
‘Caithfidh tú dul abhaile, a Veronica,’ a dúirt Liz i nguth údarásach an mhúinteora. ‘Is cuma cén ghráin atá agat ar an áit, nach raibh a fhios agat nuair a phós tú garda cósta gurb eo é an sórt saoil a bheadh agat? Nár thuig tú go maith gur in áiteanna feannta iargúlta ar chósta na hÉireann atá stáisiúin na ngardaí cósta?’
Nuair nár dhúirt Veronica tada choinnigh sí uirthi.
‘Tá tú ag déanamh an iomarca trua duit féin. Cuimhnigh an t-ádh atá ort fear céile chomh macánta agus chomh dílis le James a bheith agat. Fear a bhfuil an oiread sin cion aige ort. Ach ní mhairfidh an cion sin go deo, a Veronica. Lá fada nó gearr éireoidh sé tuirseach de bhean nach mbíonn riamh sásta, cuma céard a dhéanann sé di. Bean a bhíonn i gcónaí ag gearán is ag clamhsán! Bean a éalaíonn go dtí an baile mór chuile sheans a fhaigheann sí!’