Ghoill sé ar Veronica go mbeadh Liz chomh mífhoighdeach léi, go raibh a laghad tuisceana ag a deirfiúr ar an gcruachás a raibh sí ann. Ach thuig sí gur bhain cuid den mhífhoighid le gur fhan sí chomh fada an babhta seo. Fiú nuair a bhíodar óg d’éiríodh eatarthu dá gcaithfidís an iomarca ama i gcuideachta a chéile. Chaithfeadh go raibh Liz tinn ag éisteacht léi ag cur di, ag caint faoin drogall a bhí uirthi dul ar ais go hOileán na Leice. Ach bhí Veronica cinnte d’aon rud amháin. Bhí dul amú ar a deirfiúr faoi James. Ní raibh a fear céile ag éirí tuirseach di. B’ise a ghrá geal. Bhreathnódh sé amach di go lá a bháis. Nach in é a gheall sé di an lá ar pósadh iad bliain go leith roimhe sin?
Ach anois bhí imní uirthi. Mhéadaigh an tocht ina scornach. Ní raibh sé ar an gcéibh ag fanacht leis an mbád. Ní raibh sé roimpi mar a bhí socraithe acu. An raibh an ceart ag Liz? Ar éirigh sé tuirseach den ghearán is den chlamhsán? Tuirseach de na turais ar fad go dtí an baile mór?
Bhí a cloigeann chomh tógtha leis na smaointe seo is nach bhfaca sí go raibh an ministéir Reverend John Harding ag déanamh uirthi agus ropadh faoi. Bhí a comharsa béal dorais Ruth Somerville ina chuideachta.
‘An dtiocfaidh tú in éineacht linne, a Veronica,’ a dúirt John Harding sul má bhí seans ag Veronica beannú dóibh. Bhreathnaigh sí ina timpeall. ‘Ach cá bhfuil James? Dúirt sé go mbeadh sé anseo!’
Sí Ruth a labhair an babhta seo. ‘Tá an-lear bagáiste agat!’ a dúirt sí gan an cheist a cuireadh a fhreagairt. ‘Tá súil agam go mbeidh ár ndóthain spáis againn.’
Nuair a bhí an bagáiste socraithe sa ‘trap’ acu shuíodar isteach. Thug Veronica faoi deara nach raibh an bheirt a bhí léi ar a gcompoird agus bhí a fhios aici ina croí istigh go raibh rud eicínt tarlaithe. D’fhiafraigh sí díobh faoi James arís.
‘Tá faitíos orm, a Veronica, go bhfuil drochscéala againn duit,’ a dúirt John Harding ansin.
Labhair sé go ciúin séimh.
‘Drochscéala? Cén sórt drochscéala?’ a d’fhiafraigh Veronica agus sceon ina croí.
‘Bhuel, baineann sé le James. Tá sé … tá sé ar iarraidh.’
‘Ar iarraidh? Ní thuigim.’
‘Níl sé feicthe ag aon duine le dhá lá. Ó thráthnóna Dé Luain,’ a dúirt Ruth.
Thit an drioll ar an dreall ar Veronica. Bhí an ceart ag Liz. Bhí a fear céile bailithe leis. Phléasc sí amach ag caoineadh.
‘Ar fhág sé litir nó nóta dom?’ a dúirt sí tar éis tamaill agus í ag triomú na ndeor, ‘ag rá cá raibh sé ag dul?’
‘Ní thuigeann tú, a stór,’ a dúirt Ruth go cineálta agus chuir sí a lámh timpeall uirthi. ‘Tá James imithe. Imithe gan tásc ná tuairisc. Níl a fhios ag aon duine céard atá tarlaithe dhó.’
‘Ach ag an am céanna caithfidh muid a bheith dóchasach agus ár muinín a chur i nDia na Glóire,’ arsa an ministéir.
Ach ní raibh Veronica ag éisteacht. Bhí a hintinn in áit eicínt eile. Tar éis tamaill labhair sí. ‘Bhí an ceart ag Liz,’ a dúirt sí go mall, ciúin ar nós dá mbeadh sí i dtámhnéal. ‘Tá sé bailithe leis. Agus orm féin atá an mhilleán.’
Ansin chuir sí a ceann fúithi agus chaoin sí go géar is go cráite.
Chomh luath agus a shroicheadar stáisiún an gharda cósta cuireadh glaoch ar an mbanaltra. Chaith Nurse Henderson tamall maith le Veronica ina seomra codlata.
‘An créatúir!’ a dúirt sí le Ruth nuair a tháinig sí amach ar deireadh. ‘Tá sí siúráilte glan go dtiocfaidh sé ar ais. Ní fhéadfá a mhalairt a chur ina luí uirthi. Ach ón méid atá cloiste agamsa le cúpla lá níl aon duine eile ródhóchasach. Thug mé instealladh di a chuirfeas a chodladh í. Ach níor cheart í a fhágáil léi féin.’
Gheall Ruth go bhfanfadh sí féin le Veronica go maidin.
‘Tá na gasúir sách sean anois le breathnú amach dhóibh féin,’ a dúirt sí le Nurse Henderson. ‘Ach an dtiocfaidh tú ar ais ar maidin?’
Gheall an bhanaltra go dtiocfadh.
Chodail Veronica Thompson go sámh. Bhí go leor brionglóidí aici. Brionglóidí aoibhne. Brionglóidí faoin tráthnóna samhraidh ar casadh James Thompson uirthi den chéad uair.
Brionglóidí faoin maidin earraigh ar pósadh iad.
Bhí sé ina mhaidin agus an ghrian ag éirí nuair a dhúisigh sí.
‘An bhfaighidh tú deoch uisce dom, a stór?’ ar sise go codlatach gan a cuid súile a oscailt. ‘Tá mo chloigeann ag scoilteadh.’
‘Seo dhuit.’ Baineadh siar as Veronica nuair a chonaic sí Ruth Somerville cois na leapan aici.
‘Céard atá tusa ag déanamh anseo, a Ruth? Cá bhfuil James?’
Ach sul má bhí seans ag Ruth focal a rá, chuimhnigh Veronica ar a raibh tarlaithe an lá roimhe sin. An turas fada as Baile Átha Luain. An turas ar an mbád. Ansin John Hastings agus Ruth ag fanacht léi ar an gcéibh.
‘Bhailigh sé leis,’ a dúirt sí le Ruth go dobrónach. ‘Ach níl an oireadh sin imní orm. Tiocfaidh sé ar ais. Tá a fhios agam go dtiocfaidh. Nach mise a ghrá geal. Bhreathnódh sé amach dom go lá a bháis. Nach in é a gheall sé dom an lá ar pósadh muid?’