Amuigh ar an bhfarraige bhí long cabhlaigh le feiceáil ag cuardach an chuain. Bhí curacha agus báid bheaga le feiceáil sa sunda agus istigh faoin aill ag Cloch Chormaic. Istigh ar an talamh shiúil na póilíní cnoic is gleannta Oileán na Leice. I mbearaic Oileán na Leice cheistigh an sáirsint na daoine a rabhthas in amhras fúthu. I stáisiún an gharda cósta d’oscail Veronica Thompson na málaí taistil a bhí stóráilte aici san áiléar.
Anois tá sé ina thráthnóna agus an ghrian ag dul faoi. Tá sé in am éirí as an gcuardach. Tá sé in am na daoine a bhí á gceistiú a scaoileadh abhaile.
I stáisiún an gharda cósta tógann Veronica Thompson amach a gúna pósta. Gléasann sí í féin agus réitíonn sí a cuid gruaige. Faigheann sí an lampa agus siúlann sí go dtí an fhuinneog. Suíonn sí ar leic na fuinneoige agus tosaíonn sí ag canadh:
Caibidil 5
Oileán na Leice Mí Iúil 2012
Bhí Caitríona chomh sásta le rí agus í ar a bealach síos chuig an trá. Agus cén fáth nach mbeadh? Nach raibh sí ag castáil le Séamas! Bhí ‘date’ aici leis ar deireadh.
Chuir sí glaoch air agus í ar a bealach abhaile ón gcaifé níos túisce sa lá. Chomh luath in Éirinn agus a bhí sí léi féin. Ní raibh mórán cuimhnimh déanta aici roimh ré ar céard go díreach a déarfadh sí leis!
‘Tá sé uafásach go bhfuil do Dhaid ag imeacht as an tír,’ an chéad rud a dúirt sí.
‘Tá a fhios agam. Ach ag an am céanna caithfidh muid cuimhneamh nach raibh sé ar an dól riamh cheana. Ghoill sé air nach raibh sé ag saothrú. Agus an chaoi a bhfuil rudaí sa tír anois….’
‘Cuimhnigh air! Beidh tú in ann a dhul anonn ar cuairt aige. Beidh tú in ann a dhul go Ceanada ar do chuid laethanta saoire!’
‘Sin é a bhí sé féin a rá.’
‘Tá a fhios agat… bhí mé ag déanamh iontais… tá a fhios agat an chaoi go mbíonn barbaiciú thíos ar an trá na hoícheanta seo. Bhí mé … bhí mé ag ceapadh, le haghaidh an chraic, b’fhéidir go ngabhfadh an bheirt againn….’
‘Tá tú ag iarraidh a dhul ann?
‘Tá. Sula gcasfaidh muid leis an mbeirt eile.’
‘An dtiocfaidh mé chuig an teach agat?’
‘Ná déan. Feicfidh mé thíos ann thú. Timpeall leathuair tar éis a naoi?’
‘Togha.’
Nach í a bhí sásta anois go raibh sé de mhisneach aici glaoch air. Chuirfeadh sí téacs sciobtha chuig a cairde Ruth agus Siobhán. Nach iad a bheadh bródúil aisti!
‘Haigh a Chaitríona. Cá’il tusa ag dul?
‘Ó! a Iain, ní fhaca mé ag teacht thú! Síos ar an trá atá mé ag dul.’
‘Chuig an mbarbaiciú?
‘Sea.’
‘Gabhfaidh mé síos in éineacht leat. Ní raibh mé ag déanamh tada ach ag caitheamh an ama.’
Drochrath air mar scéal, a dúirt Caitríona ina hintinn féin. Dar ndóigh d’fhéadfadh sí a rá le Iain go raibh sí ag castáil le Séamas. Ní raibh aon rud dá stopadh. Ach ar chaoi eicínt bhí cineál leisce uirthi. ‘Maith go leor,’ a dúirt sí.
Ar an taobh eile den tseanchéibh a bhí an barbaiciú ar siúl. Áit chúlráideach a bhí roghnaithe ag na déagóirí. Bhí boghlaeirí móra idir iad féin agus an bóthar agus an chéibh ag tabhairt foscadh dóibh ar an taobh eile. I ngar don áit a raibh an dream óg bailithe le chéile bhí curacha agus báid bheaga caite go fánach ar an duirling, píosa aníos ón lán mara, a bhformhór lofa de bharr easpa úsáide. Bhí seanphotaí gliomach agus giuirléidí eile iascaireachta thart ann chomh maith, ag taispeáint don saol mór a laghad is a bhí muintir Oileán na Leice ag brath ar an iascaireacht na laethanta seo.
‘Tabhair dom do lámh,’ a dúirt Iain le Caitríona. ‘Ní chreidfeá chomh sciorrach agus atá na leaca.’
Bhí siad ag trasnú bhalla cosanta na céibhe ag déanamh ar an áit a raibh an dream óg bailithe. Shín Iain amach a lámh. Ach sula raibh seans ag Caitríona greim a fháil uirthi sciorr sí ar an gcaonach agus thit sí. Thit sí anuas sa mullach ar Iain.
‘Tá súil agam nach bhfuil tú gortaithe. Ar tháinig tú anuas ar do rosta?’ a dúirt Iain nuair a bhíodar ina seasamh arís. ‘Taispeáin dom í.’
‘Níl tada orm. Goile uait.’
Bhí Séamas tugtha faoi deara ag Caitríona nuair a bhí sí fós thuas ar bhalla na céibhe. Ach anois, agus iad ag teannadh leis an áit, ní raibh sí in ann é a fheiceáil níos mó. Bhí cuid mhaith daoine ann a d’aithin sí áfach. Chonaic sí lads agus cailíní a bhí ar scoil in éineacht léi. Bhí daoine óga ann le canúintí Sasanacha, iad tagtha ar cuairt arís i mbliana chuig a gcuid gaolta. Agus d’aithin sí na déagóirí ón taobh amuigh a mbíodh tithe tógtha ar cíos ag a muintir san oileán chuile shamhradh.
‘Ó, breathnaigh cé atá anseo,’ a deir Iain.
Bhí Séamas suite ar an ngaineamh ag caint le cailín nach raibh feicthe ag Caitríona cheana. Chuaigh sí anonn chucu.
‘Gheobhaidh mé rud eicínt le n-ithe duit,’ a deir Séamas leis an gcailín strainséartha.