Chuir sí gráinne tae sa taephota, agus a croí ag preabadh ina cliabhrach. An raibh scéala faoi James ag an mbean seo? Ar theastaigh uaithi féin an scéal seo a chloisteáil? Ní raibh sí cinnte. Ach ní raibh aon rogha aici ó lig sí isteach í.

Bhreathnaigh Veronica go grinn ar an mbean a bhí anois ina suí ar an stól agus a seál bainte di aici. Chuir sé iontas ar Veronica chomh hóg agus a bhí sí. Ní raibh inti ach cailín, scór blianta ar a mhéid. Ach nár dhúirt James go raibh lán an tí de ghasúir ag Tomás Ó Dónaill? Bhí na focla as a béal i ngan fhios di.

‘Is tú bean Thomáis, a dúirt tú. Ach tá tú an-óg! Bhí James ag rá….’

Rinne an bhean óg meangadh agus chríochnaigh sí an abairt. ȁGo bhfuil ochtar gasúir ag Tom. Tá sé sin fíor. Is amhlaidh a phós Tom arís nuair a cailleadh an chéad bhean a bhí aige. Is liomsa an duine is óige de na gasúir.’

Cé go raibh scéalta mar seo cloiste go minic cheana ag Veronica ba dheacair léi a chreidiúint go raibh an cailín seo, a bhí deich mbliana níos óige ná í féin ina máthair ag ochtar páistí!

‘D’iarr Tom orm a rá leat,’ arsa Maggie, ‘go bhfuil scéal d’fhear céile ag goilliúint air. Dúirt sé gur fear maith a bhí … atá ann. Flaithiúil. Ní ar nós cuid de na coastguards eile. Ach tá rud eicínt … rud nár inis sé d’aon duine.’

Stop sí soicind.

‘Bheadh sé imithe chuig na peelers ag an am murach mise agus na gasúir. Ní raibh a fhios aige nach caite sa bpríosún a bheadh sé.’

Bhí sé soiléir ón méid seo go raibh Tomás Ó Dónaill ag fanacht glan ar an dlí. Ní raibh a fhios ag Veronica tuige a mbeadh an fear seo chomh himníoch faoi na póilíní. Chuala sí faoi dhaoine sa gceantar a raibh súil á choinneáil orthu ceart go leor. De bharr iad a bheith sáite sa bpolaitíocht nó ag díol poitín. Nó ag smuigleáil fiú. Meastú céard a bhí ar bun ag fear céile Mhaggie? Ach nár chuma. Cén difríocht a dhéanfadh sé anois? Chroch sí an citeal den tine agus dhoirt sí an t-uisce fiuchta isteach sa taephota.

Níor labhair Maggie Uí Dhónaill arís nó go raibh an tae ólta aici.

‘Bhí Tom ag caint le d’fhear céile an lá deireanach a bhfacthas beo é. Fuair Tom scéala go raibh obair anseo ag an Station dó agus tháinig sé aníos láithreach.’

Phreab croí Veronica. Ní raibh tada cloiste aici faoi seo go dtí anois.

‘Obair? Ar tháinig lastas isteach ar an mbád?’

‘Níor tháinig. Is amhlaidh a bhí d’fhear céile ag déanamh garraí. Ní raibh sé ach ag tosaí air.’

‘Garraí?’ dúirt Veronica agus crith ina glór. ‘Ní hea. Ní garraí a bhí sé ag déanamh ach gairdín. Gairdín domsa. Áit a bhféadfainn bláthanna agus luibheanna a chur ag fás. Gheall sé go mbeadh an gairdín ba deise in Éirinn agam.’

Shuigh sí agus chuir sí a ceann fúithi. Nuair a bhí an tocht curtha di ag Veronica choinnigh Maggie uirthi lena scéal. D’inis sí do Veronica tuige gur imigh Tomás abhaile an lá úd nuair a d’fhéadfadh pá lae a bheith saothraithe aige dó féin. Dúirt sí gur bheag nár thit an t-anam as nuair a chonaic sé an áit a raibh James Thompson ag réabadh. Móta Lios an Aird! Áit a raibh mallacht air riamh anall.

‘Nuair a bhíodar ag tógáil an Station,’ a dúirt Maggie, ‘theastaigh ón innealtóir go dtógfaí níos faide síos é. Ní bheadh an oiread céanna cartadh le déanamh acu. Ach ní fhéadfaidís fir a fháil a ghabhfadh ag obair dóibh. Bhí siad ar fad scanraithe roimh mhallacht Mhóta Lios an Aird. Ar deireadh tógadh an Station níos faide siar ná an áit a bhí ceaptha. Siar go maith ón móta.’

Stop Maggie ansin agus bhreathnaigh sí go grinn ar Veronica, go bhfeicfeadh sí céard a bhí le rá aici. Ach níor dhúirt Veronica tada. Ní raibh a fhios aici céard a déarfadh sí! Bhí an mheabhair bainte di. Mótaí agus mallachtaí! Seo é an rud deireanach ar fad a raibh sí ag súil leis. Cheap Tomás agus Maggie Uí Dhónaill gur de bharr pisreoga agus mallachtaí a bhí James ar iarraidh! Dar ndóigh thuig Veronica go raibh creideamh agus cultúr dá gcuid féin ag muintir Oileán na Leice. Cultúr a bhí chomh sean leis na cnoic. Ní raibh aon deacracht aici leis sin. Chuile dhuine agus a bhealach féin. Ach tuige a gceapfaidís go gcreidfeadh sise ina gcuid mallachtaí agus ina gcuid pisreoga? Sin é a bhí ag baint an mheabhair di. Shocraigh sí mar sin féin ligean don bhean a scéal a chríochnú. Nuair a bheadh a cuid ráite aici chuirfeadh sí cúpla ceist uirthi. Ós rud é go raibh Tomás Ó Dónaill ar dhuine den dream deireanach a chonaic James theastaigh uaithi a fháil amach an raibh tada eile tugtha faoi deara aige. Ar cheap sé go raibh James athraithe ar aon bhealach. Go raibh rud eicínt ag goilliúint air? Ar dhúirt sé tada faoi Veronica féin? Ansin chomh luath in Éirinn nuair a bheadh na freagraí faighte aici ghlacfadh sí buíochas go múinte le Maggie Uí Dhónaill agus ní bheadh aon phlé acu le chéile arís.

Nuair nár labhair Veronica choinnigh Maggie uirthi. ‘Ar aon chaoi,’ ar sise agus í ag faire ar na lasracha sa tine ‘ní féidir le Tom an lá sin a chuir as a chloigeann. An bealach ar bhailigh sé leis gan cúrsaí a mhíniú ceart dod’ fhear céile. Tá an-aiféala air….’

Перейти на страницу:

Поиск

Книга жанров

Похожие книги