D’fhiafraigh an bhanaltra díobh céard sa mí-ádh a bhíodar ag déanamh ina leithid d’áit? Ag an tráth sin d’oíche? Agus theastaigh uaithi a fháil amach an raibh siad ag ól. Ba í Caitríona a d’fhreagair an cheist áirithe seo.
‘Ní raibh muid ag ól. Ní raibh aon duine againn ag ól. Ní raibh ann ach go raibh chuile dhuine san oileán ag caint faoin Station agus faoi na seandálaithe agus theastaigh uainn é a fheiceáil dúinn féin. Sin é an méid.’
Shocraigh sí gurbh fhearr di gan aon rud a rá faoin eachtra a tharla sa stáisiún an oíche roimhe sin. Bhreathnaigh chuile dhuine ar Shéamas ansin.
‘Is amhlaidh a thit sí,’ a dúirt seisean. Thosaigh sé ag insint a leagan féin den rud a tharla. D’inis sé é go muiníneach, staidéarach. ‘Bhí mé féin agus Bríd ag siúl anonn go dtí an fhuinneog sin thall. Bhí Iain agus Caitríona imithe amach cheana féin, ag an áit a raibh na seandálaithe ag cartadh ann. Bhí an tóirse agamsa agus bhí mé ag siúl chun tosaigh ar Bhríd. Bhí mé díreach ag an bhfuinneog nuair a lig Bríd béic aisti.’
Nuair a bhreathnaigh sé timpeall, a dúirt Séamas, bhí Bríd tite siar ar chúl a cinn. Cheap sé ar dtús gur ag méiseáil a bhí sí. Ach níor fhreagair sí nuair a labhair sé léi. Ansin chonaic sé go raibh fuil ag teacht as cúl a cinn agus go raibh drochshnua uirthi.
‘Bhí fhios agam ansin go raibh sí gortaithe go dona,’ a deir sé. ‘Thriáil mé glaoch ar 999 ach ní raibh aon chomhartha agam taobh istigh anseo. Rith mé amach ansin go bhfaighinn fón ón mbeirt eile agus bhí siadsan ag teacht isteach i mo choinne.’
‘An bhfuil sibh cinnte dearfá nach raibh aon duine eile anseo seachas an ceathrar agaibh féin?’ a deir Sorcha, máthair Chaitríona, nuair a bhí a scéal féin insithe ag Séamas.
‘Ní fhaca mise aon duine taobh istigh agus bhí tóirse maith agam,’ a dúirt Séamas.
‘Dá mbeadh aon duine taobh amuigh d’fheicfinnse é,’ a deir Iain. ‘Bhí sé an-gheal.’
‘Bhí,’ arsa Caitríona. ‘Bhí sé chomh geal leis an lá.’
Ní raibh smid as aon duine ar feadh scaithimh. Bhraithfeá biorán ag titim. Ach thug Caitríona faoi deara an chaoi a raibh na daoine fásta ag breathnú ar a chéile. Ba léir go rabhadar amhrasach. An-amhrasach.
‘Ba cheart glaoch ar na gardaí,’ a dúirt an dochtúir.
D’aontaigh an dream eile leis. Bhraith Caitríona an t-ualach ar a croí níos troime ná riamh.
Leathuair ón am ar cuireadh scéala chuici thuirling an héileacaptar tarrthála sa ngarraí taobh thiar de sheanstáisiún an gharda cósta. Bhí an grúpa a bhí ag fanacht go foighdeach sa stáisiún réidh faoina comhair. Níor cuireadh nóiméad féin amú. Ar iompú do bhoise bhí Bríd Ní Neachtain curtha ar shínteán agus ansin ar bord an héileacaptair. Chuaigh Sorcha agus an bhanaltra ar bord chomh maith. Níorbh fhada go raibh an héileacaptar san aer arís agus í ag déanamh caol díreach ar Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh. Sheas an dream a bhí fágtha go ciúin dobrónach, soilse an héileacaptair ag imeacht uathu agus torann an innill ag dul i laige de réír a chéile. Nuair a bhí sí imithe as amharc ar fad phléasc Caitríona amach ag caoineadh. Bhí imní uirthi nach mbeadh na dochtúirí san ospidéal in ann Bríd a leigheas. Go mbeadh sé ródheireanach aon rud a dhéanamh di. Tháinig Séamas anall ón taobh eile den seomra.
‘Gabh i leith anseo,’ a dúirt sé go socair séimh agus chuir sé a lámh timpeall uirthi. ‘S-sss! Ná bí ag caoineadh. Le cúnamh Dé tiocfaidh sí as.’
‘B’fhéidir nach dtiocfaidh. Agus is ormsa a bheas an milleán….’
Ach ansin bhí a hathair ina sheasamh le taobh Chaitríona. Leag sé a lámh ar a gualainn.
‘A Chaitríona,’ a dúirt sé go borb, gan breathnú fiú ar Shéamas. ‘Goile uait. Tá sé in am baile agatsa. Thar am baile.’
Caibidil 6
Oileán na Leice Mí Iúil 1910
Ag cur fóid mhóna ar an tine a bhí Veronica Thompson nuair a d’airigh sí an duine ag an doras. Cé a bheadh ag teacht ar cuairt ag an tráth seo d’oíche? Ní hé go deimhin go mbíodh mórán cuairteoirí aici lá ná oíche. Chuala sí an cnag arís agus í ar a bealach go dtí an doras.
‘An bhféadfadh sé…?’ ar sise ina hintinn féin agus bhraith sí an dóchas ag borradh ina croí.
Caithfidh gur thug an bhean a bhí ag an doras a díomá faoi deara.
‘Gabhaim pardún agat, a bhean uasal,’ a dúirt sí. ‘Tá a fhios agam go bhfuil sé deireanach.’
Bhreathnaigh sí taobh thiar di go neirbhíseach agus í ag tarraingt a seál dubh ina timpeall.
‘Ach ba mhaith liom labhairt leat.’
Sheas Veronica siar agus lig sí an bhean nach raibh feicthe riamh cheana aici isteach ina teach. Rith sé léi nach ndéanfadh sí a leithid de rud roimhe seo.
‘Is mise Maggie Bean Thomáis Uí Dhónaill. Is é Tomás a d’iarr orm a theacht. Níor mhaith leis féin … tá fhios agat an chaoi a mbíonn rudaí,’ arsa an bhean. ‘Bhí an-mheas ag Tomás ar d’fhear céile. Bhí sé an-mhaith dó i gcónaí. Aon uair a raibh jabanna le déanamh is ar Thomás a ghlaoigh sé.’
‘Tá a fhios agam é sin,’ arsa Veronica leis an gcuairteoir gan cuireadh agus leag sí stól os comhair na tine di.