Stop sí ansin ar nós nach raibh sí cinnte cén chaoi leis an scéal a mhíniú. Shíl Veronica gurbh fhearr di féin rud eicínt a rá.
‘Níor cheart dó a bheith ag cur aon mhilleán air féin,’ a dúirt sí. ‘Ní thabharfadh James aon aird air. Nuair a thógann sé rud ina chloigeann ní bhíonn aon mhaith a bheith ag caint leis. Sin é an bealach atá leis.’
‘B’fhéidir é,’ arsa Maggie ‘ach tá sé ar a choinsias ag Tom ar aon chaoi. Sin é an fáth ar iarr sé ormsa a theacht chugat. Le gur féidir linn a fháil amach céard go díreach a tharla do James Thompson.’
Bhí mearbhall ar Veronica. D’éirigh sí de sciotán agus thug sí a haghaidh ar an mbean ar an stól.
‘Ní thuigim! Céard atá tú ag rá? An bhfuil rud eicínt nár déanadh? Áit eicínt nár cuardaíodh? Nó ab amhlaidh go bhfuil sé feicthe ag duine eicínt?’ Bhí sí ag éirí corraithe anois.
‘Céard atá fhios agat? Inis dom cá bhfuil sé!’
‘Níl aon eolas agam féin, a bhean uasail,’ arsa Maggie Uí Dhónaill. ‘Ach tá a fhios agam duine a bheadh in ann a theacht ar an eolas.’
‘Cén duine?’ a d’fhiafraigh Veronica go mífhoighdeach.
‘Máire Rua an Ghleanna,’ arsa Maggie.
Is ón mbanaltra, Anne Henderson a chuala Veronica faoi Mháire Rua ar dtús. Bhí Anne ag dul in aer an lá céanna. Cantal uirthi de bharr nach chuici féin ach ag Máire Rua a tugadh iníon an táilliúra nuair a bhuail drochthinneas cinn í. Agus gur ar Mháire Rua a cuireadh fios an lá roimhe sin nuair a bhí Pádraig an tSiúnéara ag clamhsán ar phianta ina chliabhrach.
‘Níor cheart dóibh banaltraí a chur go dtí áiteacha iargúlta mar seo,’ ar sise le Veronica. ‘Níl meas mada ag na daoine ar bhanaltraí ná ar dhochtúirí. Níl uathu ach luibheanna agus pisreoga!’
An tráthnóna sin d’fhiafraigh Veronica de James faoi Mháire Rua.
‘Ó sea. Máire Rua,’ a dúirt sé. ‘Máire Rua an Ghleanna a thugann siad uirthi,’ a dúirt seisean.’Tá sí ina cónaí ar an taobh eile den oileán. Thall i nGleann Trasna. Creideann muintir na háite agus go deimhin féin daoine i bhfad ó bhaile go bhfuil leigheas aici. Leigheas ar chuile chineál galair agus aicíde! Agus deir siad go bhfuil sí in ann ainmhithe a leigheas chomh maith le daoine.’
‘Agus meastú cén sórt leigheasanna atá aici?’ a deir Veronica. ‘Dúirt Anne Henderson rud eicínt faoi luibheanna ach ansin thosaigh sí ag cur di faoi phisreoga. Ach tá daoine ag úsáid luibheanna agus plandaí ó thús an tsaoil. Agus is cosúil go n-oibríonn siad. Níos fearr ná leigheas na ndochtúirí, cuid mhaith den am.’
‘Is dóigh go n-oibríonn,’ a dúirt James, ‘mar tá Máire an-mholta as na buidéil leighis a thugann sí amach. Deirtear go raibh an cheird céanna ag a máthair roimpi. Ach tá a fhios agam céard atá ar Anne. Cuid de na daoine a théann ag Máire Rua an Ghleanna ní leigheas a bhíonn uathu ar chor ar bith. Ach creideann siad gur bean feasa atá inti agus go bhfuil draíocht aici. Sin é an fáth a bhfuil an oiread oilc ar Anne Henderson. Tá cuthach uirthi go bhfuil níos mó measa ag daoine ar bhean feasa ná mar atá acu uirthi féin.’
Agus anois bhí Maggie Uí Dhónaill anseo agus í ag rá go bhféadfadh Máire Rua cuidiú léi!
‘Tiocfaidh mé anseo agat san oíche amárach. Tá gaol agam le Máire Rua,’ a dúirt sí. ‘Gabhadh mé in éineacht leat go Gleann Trasna.’
D’éirigh an bhean óg ina seasamh ansin agus thug sí a haghaidh ar an doras. Bhí an oiread iontais ar Veronica is nár fhan focal aici.
‘Beidh Tom ag fanacht ag bun an chnoic leis an gcapall agus an trap,’ arsa Maggie. ‘Tabhair leat rud eicínt a bhaineann le d’fhear céile. Ball éadaigh eicínt. Oíche mhaith, a bhean uasal.’
Agus leis sin tharraing Maggie Uí Dhónaill a seál suas thar a cloigeann go dtí nach bhfeicfeá ach a cuid súile. Ansin croch sí an laiste gan breathnú ina timpeall agus amach an doras léi.
Caibidil 7
Oileán na Leice Mí Iúil 2012
‘An bhfuil tú dúisithe, a Chaitríona? Tá mé ag déanamh braon tae,’ a dúirt Sorcha, máthair Chaitríona agus í ag bualadh ar dhoras an tseomra codlata aici.
Níor fhreagair Caitríona í. Lig sí uirthi féin go raibh sí ina codladh nuair a sháigh Sorcha a cloigeann isteach. Níor chorraigh sí nuair a chuala sí í ag rá ‘A Chaitríona, an bhfuil tú dúisithe?’ den dara huair.
Bhí a fhios aici go maith go raibh fonn cainte ar a máthair. Bhí a fhios aici go raibh míle agus céad ceist aici, ceisteanna nach raibh fonn uirthise a fhreagairt. Ceisteanna go deimhin féin nach raibh sí in ann a fhreagairt. Dhún a máthair an doras arís go deas réidh. Tamall ina dhiaidh sin chuala Caitríona doras síos an pasáiste uaithi á oscailt agus ansin á dhúnadh arís. Chuile sheans go raibh a máthair imithe ar an leaba, í tuirseach tar éis di an oíche a chaitheamh san ospidéal le Bríd. Bheadh síocháin ag Caitríona ar feadh scaithimh eile.