Ina dhiaidh sin uileag, ba dheacair léi aon suaimhneas a dhéanamh. Bhí a hintinn ina chíor thuathail, na mothúcháin ag teacht go tiubh i mullach a chéile agus gan aon smacht aici orthu. Céard a bhí i ndán do Bhríd? An gcaillfí í? Nó ab é an chaoi go mairfeadh sí, ach í lagintinneach ar nós deartháir Ruth a gortaíodh i timpiste bóthair anuraidh? Bhraith sí ciontach de bharr gur iarr sí ar Bhríd a theacht in éineacht léi an chéad oíche úd. Murach gur iarr bheadh Bríd ina sláinte inniu, í ag ithe a bricféasta nó ag beathú na gcearc ar nós aon mhaidin eile thall i dteach Mhamó. Ach thar rud ar bith eile bhí aiféala ar Chaitríona go raibh sí chomh géar agus chomh gránna le Bríd. Ní raibh inti ach raicleach—ag tromaíocht ar chailín chomh soineanta le Bríd! An chéad oíche a rabhadar sa stáisiún nár ghearr le dris í faoi gur mó aird a bhí á thabhairt ag Séamas ar Bhríd ná uirthi féin.
Chaith sí í féin siar ar an leaba. Bhí sí tugtha, traochta. Ach cé go raibh an-fhonn codlata uirthi b’fhearr léi i bhfad fanacht ina dúiseacht. Aon uair a dtiteadh néal codlata uirthi dhúisíodh sí de gheit agus fuarallas léi ag na brionglóidí aisteacha, na brionglóidí gránna scanrúla. Ach ní raibh aon suaimhneas aici agus í ina dúiseacht ach an oiread. I gcaitheamh an ama bhí an diabhal d’amhrán sin go síoraí ina cloigeann. É ar nós macalla nach bhféadfaí a dhíbirt: ‘
Chuaigh an lá thart. Bhí comharsain agus gaolta ag bualadh isteach tigh Fhlatharta ag fiafraí faoi Bhríd. Níor stop an fón ag glaoch. Ach níor fhág Caitríona a seomra codlata. San iarnóin tháinig a máthair isteach chuici. Tamall ina dhiaidh sin tháinig a hathair isteach. An raibh sí ceart go leor, a d’fhiafraíodar di. An raibh sí cinnte nach raibh aon rud uaithi? Caithfidh go raibh ocras uirthi. Chroith sí a cloigeann gan focal a rá. Níos deireanaí tráthnóna chuala Caitríona a tuismitheoirí ag caint eatarthu féin taobh amuigh sa bpasáiste. Bhí imní orthu fúithí.
‘Tá súil agam go bhfuil sí ceart go leor,’ a dúirt a hathair.
‘Ní maith liom an chaoi a bhfuil sí luite ansin gan hum ná ham aisti.’
‘Agus níl greim ite aici ó thráthnóna inné,’ arsa a máthair. ‘B’fhearr dúinn glaoch ar an dochtúir di. Níl a fhios agam cén fáth nár ghlaoigh mé air roimhe seo. Nuair a chuimhníonn tú ar an ngeit a baineadh aisti aréir!’
D’éirigh Caitríona de léim as an leaba. Taobh istigh de dhá mheandar bhí sí gléasta agus í istigh sa gcistineach. Chuir sí ann a fón póca agus léigh sí a cuid teachtaireachtaí. Bhí go leor dá cairde ag fiafraí cén chaoi a raibh Bríd. Bhí cúpla téacs tagtha ó Iain. Ach is é an rud ba mhó a bhí ann ná téacsanna agus iarrachtaí ar ghlaochanna ó Shéamas! Céard a bhí ag dul ar aghaidh, a d’fhiafraigh sé. Cén fáth nach raibh sí ag freagairt a fón póca? Agus tuige, nuair a ghlaoigh sé ar an teach gur dhúirt a hathair leis dul i dtigh diabhail? Chaithfeadh sé labhairt léi. Cén t-am a bhféadfaidís castáil le chéile?
Bhí Caitríona ag léamh na dteachtaireachtaí arís nuair a d’oscail doras na cistine. Siúd isteach iad, duine i ndiaidh a chéile. A hathair, a máthair, Mamó. Ba ghearr go raibh aiféala ar Chaitríona nach fanta ina seomra a bhí sí!
‘Céard sa diabhal a bhí sí féin agus a cairde ag déanamh istigh sa Station?’ a d’fhiafraigh a hathair di. ‘Nuair a bhíonn daoine óga ag cúinneáil thart in áiteacha iargúlta d’fhéadfá a bheith siúráilte nach aon cheo maith a bhíonn ar bun acu,’ a dúirt sé.
Ní raibh seans ag Caitríona é a fhreagairt mar gur thosaigh Mamó uirthi ansin.
‘Nach dona thú, a Chaitríona,’ a dúirt sise. ‘Nach mbreathnódh amach do do chol ceathrar atá i bhfad níos óige ná thú agus í ina strainséara anseo. Abair liom nach raibh sibh ag ól nó — Dia idir sinn agus an anachain — ag plé le drugaí.’
‘Ní raibh muid ag ól ná ag tógáil drugaí,’ a dúirt Caitríona agus í ag iarraidh na deora a chosc.
Níor thuig sí cén fáth nach ligfidís di. Nach beag an tuiscint a bhí acu ar a cás, ar cé chomh trína chéile agus a bhí sí!
‘Níl tada déanta as bealach againn,’ a dúirt sí leis na daoine fásta, ‘seachas a bheith fanta amuigh deireanach. Agus … Bríd a bheith éalaithe amach gan cead.’
‘Níl a fhios agam cén chaoi a bhféadfá a rá nach raibh tada as bealach déanta agaibh,’ a dúirt a máthair. ‘Nuair nach raibh cead ag aon duine a bheith istigh sa stáisiún! Ach ba mhaith liomsa a fháil amach faoi Shéamas Jim. An bhfuil níos mó ná cairdeas idir an bheirt agaibh?’
‘Níl tada eadrainn,’ a dúirt Caitríona. ‘Níl ann ach go bhfuil muid sa rang céanna ar scoil.’
Bhí sí bodhraithe ag a gcuid ceisteanna anois. Agus a tuismitheoirí ag ligean orthu féin go raibh siad imníoch fúithi! Dá mbeadh an oiread sin imní orthu an mbéidís á crá mar seo? Thug sí cupán tae ar ais léi go dtí a seomra codlata.