Bhí seans fós ann go raibh dul amú ar Shéamas. B’fhéidir go n-osclódh á col ceathrar a súile agus go ndéarfadh sí nach raibh sí ach ag pleidhcíocht. Ach mo léan ba ghearr gur thuig Caitríona go raibh an ceart ag Séamas. Bhí Bríd gortaithe go dona. Ní raibh sea ná seoladh inti. Ach bhí sí fós ag tarraingt a hanáil. Ar éigean. Ní raibh Caitríona cinnte céard a bhí tú ceaptha a dhéanamh i gcás mar seo. Bhí a fhios aici ceart go leor nach raibh tú ceaptha an t-othar a chorraí. Agus go raibh tú ceaptha an duine a choinneáil te. Ach bhí sifil uirthi le teann faitís agus níor chuimhin léi aon rud eile. Bhí sí ag guí le Dia nach mbeadh an dochtúir i bhfad ag teacht, faitíos a croí uirthi go bhfaigheadh Bríd bás sínte anseo ar na leaca fuara sula dtiocfadh aon duine i gcabhair orthu! Bhain sí di a seaicéad agus leag sí anuas ar Bhríd é. Síos léi ar a glúine arís agus chuir sí a lámha timpeall uirthi.
‘Beidh tú ceart go leor, a Bhríd,’ a dúirt sí. ‘Tá an dochtúir ag teacht. Ní bheidh sé i bhfad anois.’
D’fhan Caitríona san áit a raibh sí nuair a tháing Iain isteach.
‘D’éirigh liom dul tríd,’ a dúirt sé. ‘Is gearr go mbeidh siad anseo. Chuaigh Séamas anonn ag an ngeata le castáil leo.’
Níor chorraigh Caitríona as an áit a raibh sí fiú nuair a chuala sí an gliúra gleára taobh amuigh.
Is í an bhanaltra a bhí tagtha agus Antaine Mac Giolla Easpaig agus bainisteoir an óstáin in éineacht léi. Bhí scéala curtha chuig an dochtúir, a dúirt an bhanaltra, agus bhí sé anois ag tiomáint anall ón taobh eile den oileán. Scrúdaigh an bhanaltra Bríd, ansin chuir ina luí go compórdach í le baill éadaigh faoina cloigeann agus faoina guaillí. Bhí a fhios ag an mbanaltra, gan comhairle ó dhochtúir ar bith go raibh drochbhail ar an gcailín.
‘Caithfear an t-othar seo a thabhairt chuig ospidéal láithreach,’ a dúirt sí leis an dochtúir ar an bhfón. ‘Tá sé práinneach. Tá an héileacaptar uainn. Ní féidir a bheith ag fanacht leis an mbád tarrthála. Fuair sí drochbhuille sa gcloigeann agus tá go leor fola caillte aici.’
Mhínigh sí don dochtúir chomh maith gur in áit aniargúlta a bhíodar. Chaithfeadh sé féin páirceáil ag bun an bhóthair agus siúl aníos an cnoc.
Tá an dochtúir ag glaoch ar an héileacaptar,’ a dúirt an bhanaltra leis an gcuid eile nuair a bhí sí críochnaithe ag caint ar an bhfón. ‘Le cúnamh Dé ní bheidh sí i bhfad ag teacht.’
Bhraith Caitríona go raibh chuile nóiméad a chaith siad ag fanacht ar nós leathuaire. Ach léim a croí nuair a tháinig an dochtúir agus nuair a d’inis sé dóibh go raibh an héileacaptar ar a bealach cheana féin agus go mbeadh sí in ann tuirlingt sa ngarraí taobh thiar den stáisiún. Ach ina dhiaidh sin is drochscéala a bhí aige.
‘Tá faitíos orm,’ a dúirt sé tar éis dó Bríd a scrúdú, ‘nach bhfuil ann ach go bhfuil sí ag stracadh léi. Ceapaim go bhfuil a blaosc briste.’
D’fhiafraigh an dochtúir ansin an raibh muintir Bhríd curtha ar an eolas. An raibh siad ar a mbealach chuig an stáisiún?
‘Ní as an oileán í,’ a dúirt Caitríona leis.
‘Agus cá bhfuil a tuismitheoirí?’
‘I mBaile Átha Cliath. Is ag a Mamó, Caitlín Liaimín a bhíonn sí ag fanacht.’
‘An bhfuil uimhir agat dise?’
‘Tá, ach … bheadh sí ina codladh anois agus ní aireodh sí an fón.’
‘Ach an bhfuil gaolta eile ag Bríd anseo? Duine a rachadh in éineacht léi go dtí an t-ospidéal.’
‘Nach col ceathrar leatsa í Bríd?’a dúirt an bhanaltra le Caitríona. ‘Ba cheart glaoch ar do thuismitheoirí. Labhróidh mise leo, más maith leat.’
Cé go raibh Caitríona an-drogallach, b’fhearr léi féin an glaoch a dhéanamh. Níor thug sí freagra ar bith ar na ceisteanna.
‘Cén chaoi…? Cén fáth…? Cén duine…?’ a chuir a hathair uirthi nuair a d’fhreagair sé an fón.
I gcúpla abairt d’inis sí dó cá rabhadar agus céard a bhí tarlaithe. Nuair a bhí an glaoch déanta aici chrom sí le labhairt le Bríd arís.
‘Beidh tú ceart go leor, a Bhríd,’ a dúirt sí léi. ‘Tá an héileacaptar ag teacht. Ní bheadh sé i bhfad anois go mbeaidh tú san ospidéal.’
Iarradh ar Antaine Mac Giolla Easpaig dul anonn go dtí an geata le tuismitheoirí Chaitríona a threorú isteach. Ordaíodh don triúr déagóir fanacht san áit a rabhadar. Chuir Caitríona a cheann fúithí nuair a tháinig a tuismitheoirí isteach sa stáisiún. Ní fhéadfadh sí breathnú san éadan ar cheachtar acu. Nuair a chonaic Sorcha Uí Fhlatharta an bhail a bhí ar Bhríd thosaigh na deora ag sileadh léi. Bhraith Caitríona níos measa ná riamh.
Is ina dhiaidh sin agus iad ag fanacht leis an héileacaptar a thosaigh na daoine fásta ag ceistiú an dream óg. Céard go díreach a tharla do Bhríd an chéad cheist a bhí acu. Cén chaoi go díreach ar gortaíodh í? Dúirt Iain nach raibh a fhios aige féin, go raibh sé taobh amuigh in éineacht le Caitríona nuair a tharla an timpiste. D’aontaigh Caitríona leis.
‘Ní fhaca ceachtar againne é ag tarlú. Ní raibh a fhios againn tada nó gur tháinig Séamas amach chugainn.’